FáILTE CHUIG M'EACHTRA FOGHLAMA
Tá sé in am do shamhlaíocht
a mhúscailt
Saor-Phostas Éir & RA Ar orduithe €10 nó níos mó
Saor-Phostas Ar fud an domhain ar orduithe €20 nó níos mó |
Fáilte! Is mise Captaen Cillian®, taiscéalaí Éireannach ar breá leis a bheith ag seoladh is ag fámaireacht ar na farraigí móra. In 2017, bhain mé áit ar ghearrliosta na nGradam Margaíochta Uile-Éireann (AIMs) sa rannóg do na cúig smaoineamh is fearr do tháirgí in Éirinn!
Is taiscéalaí farraige as Éirinn é an carachtar Captaen Cillian a thugann leanaí ar thuras eactraíochta is foghlama ar fud na hÉireann. Tá na leabhair ag cur thar maoil le fíricí faoi Éirinn agus faoin bhfarraige, le príomhfhocail i nGaeilge as na scéalta agus an fhuaim foghraíochta ag dul leo. Faigheann léitheoirí léargas iontach ar ár gcósta, ar an gcladach agus ar an saol faoin bhfarraige leis an mairnéalach Éireannach seo.Tá an Ireland Adventure Gift Box dírithe ar an margadh bronntanas agus is acmhainn spéisiúil foghlama é don seomra ranga chomh maith. Bheadh tóir faoi leith ar an táirge seo ag diaspóra na hÉireann ar mhaith leo go mbeadh nasc ag a gclann óg le hÉirinn agus ar mhaith leo go bhfoghlaimeoidís faoi Éirinn agus faoin nGaeilge ar bhealach spraíúil. Pacáiste Bronntanas Pearsantaithe Saor in Aisce + Postas Saor in Aisce ar fud an Domhain Scríofa ag Carina Ginty ~ Deartha ag John O’Connor |
|